Nuair a Bhíomar inár Ríthe agus Banríona ar an mBóthar: Cían Ó Gríofa

Nuair a bhínn ag dul ar scoil sna 2000í agus sna 2010í, bhí sé d’ámháraí an tsaoil agam go raibh mé im chónaí gar don scoil an chuid ba mhó den am. D’fhreastail mé ar Scoil Phádraig Naofa do Bhuachaillí. Ina dhiaidh sin, timpeall an chúinne liom go dtí an De La Salle i mBaile Chill Mhantáin. Is ann a chaitheas blianta sóisearacha de mo chuid oideachas meánscolaíochta.Foirgnimh réamhdhéanta a bhí nimhneach fuar préachta a bhí san áit. B’ ar éigean a bhí aon mhaitheas sna foirgnimh chéanna. Shamhlófaí go raibh cuma an fhir bháite ag na foirgnimh bhí siad chomh trí na chéile sin. Mar sin féin, bhaineamar craic agus spraoi as an saol. Don té ar nós mé féin a bhí aerach beathaithe, tá cuimhní cinn mhaithe agam ar na blianta luatha sin.

Théinn ag spaisteoireacht chun na scoile, mé ag pocléimneach thar bhallaí is pháirceanna ar mhaithe leis an mbóthar a chiorrú, thar roinnt eastát tithíochta ar mo shlí dom. Go deimhin, turas cuíosach pléisiúrtha a bhíodh sa turas sin ó dhoras go doras.Bhí scata cairde agam a bhí ina gcónaí ar an mbóthar chun na scoile. Shiúlaimais i dteannta a chéile, ag bailiú daoine de réir agus a bhímis ag siúil linn. Díreach laistigh de gheataí na scoile bhí lána fada romhainn, é ag sní i dtreo na bhfoirgneamh réamhdhéanta. Bhíodh bús ceart le clos sna maidineacha siúd agus sinn ag déanamh ar na prefabs i measc na múinteoirí ina gcarranna. Théadh gach aoinne ar aghaidh go dtí an halla staidéir, agus ligimis ár scíth ann.

Ní raibh sa bhall sin den scoil le ceart ach bialann ollmhór le fuinneoga, is gan aon phioc de theas san áit. Bíodh sin mar atá, bhíodh sport is cuileachta againn gan aon mhaidin, sular buaileadh an cloigín agus sular cuireadh tús leis an lá.

Cian Griffin is from Wicklow Town, and is more commonly known online under the alias of ‘Gaylgeoirí’ where he creates LGBTQ+ content on Instagram and Tik Tok. He is a writer, comedian, public speaker, and queer activist, that works to better the perception of LGBTQ+ people in Ireland, especially through the lens of sport. He has been involved in Na Gaeil Aeracha (Ireland’s first explicitly LGBTQ+ Inclusive GAA Club) since it was founded in 2020.

Is as Baile Chill Mhantáin é Cian Griffin, agus is fearr aithne air ar líne faoin ainm cleite ‘Gaylgeoirí’ lena mbíonn sé ag cruthú ábhair LADTA+ ar Instagram agus Tik Tok. Scríbhneoir, aisteoir grinn, cainteoir poiblí agus gníomhaí aiteach é Cian agus oibríonn sé le tuiscint agus le haireachtáil lucht LADTA+ a chur chun cinn in Éirinn, go háirithe trí lionsa an spóirt. Tá baint aige leis Na Gaeil Aeracha ó bunaíodh in 2020 é . Tá Na Gaeil Aeracha ar an gcéad Chlub LADTA+ atá iniatach follasach in Éirinn agus iad ag feidhmiú faoi scáth an Chumainn Lúthchleas Gael.

Thar ceann Mhúsaem na hÓige Éireann agus Robert Burns, ba mhaith linn ár mbuíochas ó chroí a ghabháil lenár rannpháirtithe iontacha go léir as a gcuid ama agus a gcuid scéalta. Tá an-áthas orainn an tionscadal seo a chur i láthair agus tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as leanúint linn sna seachtainí atá romhainn.

An bhfuil scéal agat ar an ábhar seo agus ar mhaith leat páirt a ghlacadh? Déan teagmháil linn ar ár suíomhanna meán sóisialta, nó seol ríomhphost chugainn ag cbrowne@museumofchildhood.ie – ba bhreá linn cloisteáil uait!

On behalf of the Museum of Childhood Ireland and Robert Burns, we would like to extend our heartfelt gratitude to all of our wonderful participants for their time and their stories. We are thrilled to be presenting this project and we hope you will enjoy following along with us in the coming weeks.

Have a story on this topic and want to get involved? Contact us on our social media sites, or email us at cbrowne@museumofchildhood.ie – we would love to hear from you!

Translation provided by Museum of Childhood Ireland team member: An Dr. Sorcha de Brún. Associate Professor in Irish / Ollamh Comhlach le Gaeilge