Tobar mór inspioráide mo shaoil

Dheineas staidéar ar an bpianó i gCeol-Acadamh Ríoga na hÉireann, mar aon leis an gcuid eile de mo mhuintir: mo dheartháireacha agus mo mháthair romham, ise mar chuid den ghrúpa amhránaíochta ar ar tugadh ‘The Thirteens.’ Bhíos ann mar pháiste, mar dhéagóir, agus go dtí go rabhas im bhean óg agus mé aon bhlian is fiche d’aois. Tobar mór inspioráide mo shaoil, ionad súgartha dom a bhí san Acadamh. Tá sé fós ar chúl mo chinn agam, agus é mar fhoinse don tsuim atá agam sa cheol agus sa litríocht. Mhúnlaigh an taithí a bhí agam ansin ó bhonn mé. B’ann a fuaireas amach gur féidir leis an saol a bheith diamhair, doléite, mistéireach. Na heachtraí a bhí agam ann, thuigeas as an nua a raibh de cheol agus de litríocht sa bheatha. Chuas ar seachrán agus mé ag seinnt ceoil agus bhailíos liom go háiteanna im shamhlaíocht ag cumadh scéalta a bhí bunaithe ar chumadóireacht leithéidí John Field, Mendelssohn, Tschaikowsky. An drámaíocht, an rómánsaíocht agus an briseadh croí, bhaineadar de bhonn m’óige mé amhail is gur ag dul trí stoirmeacha a bhíos. I gcomhluadar Schubert a bhraitheas go raibh cara nua agam: ba dhuine é a raibh aithne agam air, dar liom. Chuaigh ceol Haydn i gcion orm, a chuid rógaireachta ag glioscarnach fé mhéireanta mo láimhe. Ba é ceol maorga an chumadóra Rúisigh Kabalewski a d’oscail an doras dom mothúcháin nua a chur in iúl, an t-aon mheán a bhí agam mo chuid tuiscintí úra faoin leatrom agus faoi iarmhairtí easpa deiseanna saoil a bhí ann do pháistí chomhaois liom, páistí chathair Bhaile Átha Cliath na n-ochtóidí, a léiriú tríd an gceol.  Agus ba iad nocturnes John Field an t-aon sólás ar thalamh a bhí agam nuair a d’fhág mo ghrá geal an tír le dul ar imirce lena chlann chun na hAstráile, imeacht a d’fhág in umar na haimléise mé ina dhiaidh. File aitheanta a bhí im mhúinteoir pianó, Anthony Glavin. D’fhoilsigh sé cnuasaigh ar nós The Music Room agus ghnóthaigh gradaim éagsúla as a chuid filíochta. Chuir Glavin mé i dtreo na filíochta agus na drámaíochta atá ginte sa cheol, i dtreo dathanna an cheoil, agus – go minic – i dtreo eispéireas liteartha a bhí le feiscint mar scáthán i seinnt an cheoil. Nuair a cailleadh Dina Copeman (1926-1982), a mhúinteoir pianó féin, bhíos mar fhinné ar a bhrón. An lá a cailleadh í, chas Glavin an troscán timpeall sa seomra ceoil ionas go raibh gach uile rud bun os cionn, ionas go mbeadh radharc aige ar an gcathair bhriste lasmuigh. Ar nós loinge a bhí ag dul go tóin na farraige, bhí gach cuma ar an scéal go raibh an tAcadamh ar tí titim as a chéile. Na 1980í a bhí ann. Bhíodh gíoscán seanleithrísí le clos i gcónaí sa bhfoirgneamh ard cathrach siúd, fuaimeanna na gcéadta bliain ina macallaí mórthimpeall orainn. Ábhar iontais a bhí ann domsa, mar pháiste. Nuair nach mbínn i mbun teoiric an cheoil le Brendan Murray, a bhí ina shaineolaí déanta ar cheol an chine ghoirm agus ar an snagcheoil, nó nuair nach rabhas ag útamáil le Clair de Lune ar an bhfliút clasaiceach faoi stiúir Rosemary Hill, nó ag freastal ar ranganna Music Appreciation le Annette Perry (shamhlaíos mar Chleopatra í), bhínn ag dul suas agus síos staighrí an Acadaimh, mo rothar á tharraingt im dhiaidh agam, agus gan aoinne ag cur isteach ná amach orm. Lean guthanna sopráin mé, daltaí amhránaíochta an mhúinteora Smolenski ag dul suas agus síos scálaí na n-ochtach agus mé ag dreapadh liom.  Tháinig mé ar sheanleabharlann tráthnóna fómhair amháin in íoslach an tí, é lán de smúit agus de leabhair dhonna ceoil lena lámhscríbinní tréigthe. Dheineas iontas de na ballaí cloiche, de na comharthaí doléite doiléire a bhí le fáil ar na ballaí céanna, cén fáth go rabhadar ann, cé a chuir ann iad, agus dheineas mo mharana fé na daoine, na searbhóintí a théadh i gcoinne an aird ar mo dhála féin agus suas na staighrí cloiche romham céad bliain roimhe sin.   Níos déanaí, rachainn abhaile agus scríobhainn gach rud síos im dhialann. Ba mhinic a bhreacas tríocha leathanach de chin lae gan dua. Ach b’fhéidir gurb í an chuimhne is mó atá agam ná m’athair ag fanacht liom ar chéimeanna eibhir an Acadaimh tar éis na chéad cheachta a bhí riamh agam. Ina sheasamh dó ar thaobh na sráide a bhí sé, agus thaispeánas na excellents a bhí faighte agam ó Anthony Glavin le mórtas, Glavin tar éis a chuid féin a bhreacadh síos im leabhar nótaí. Scéal eile is ea scéal m’athar, agus bua na scéalaíochta a thug sé ó dhúchas leis. Ach feicfidh mé go deo é ag fanacht go foighneach liom ar chéimeanna an Acadaimh, ag fanacht chun mé a thabhairt abhaile.  Dr Sorcha De Brun